An Córas Coistí agus an tUachtarán

An Córas Coistí agus an tUachtarán

An Toradh Foghlama

Sa cheacht seo, foghlaimeoidh tú faoin tslí a bhfeidhmíonn an Córas Coistí in Éirinn.

An tUachtarán

Is é an tUachtarán an ceann Stáit. Toghann an pobal uachtarán uair amháin gach seacht mbliana.
 Is é áit chónaithe oifigiúil an Uachtaráin Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce.
Ní mór d’iarrthóirí ar oifig an uachtaráin a bheith 35 bliana d’aois ar a laghad.

De ghnáth, molann páirtithe polaitíochta chun bheith san iomaidh sa toghchán sin. Is féidir le hiarrthóirí neamhspleácha seasamh freisin má fhaigheann siad tacaíocht ó cheithre chomhairle áitiúla nó ó 20 comhalta de Thithe an Oireachtais (Dáil Éireann agus Seanad Éireann). Ach nuair a roghnaítear uachtarán ní bhíonn ról gníomhach aige nó aici i nithe a bhaineann le polaitíocht phairtí.

Tugann an Bunreacht cumhachtaí tábhachtacha don Uachtarán cé gur cumhachtaí teoranta iad.

  • Ar chomhairle an Taoisigh, lánscoireann an tUachtarán Dáil Éireann agus bíonn olltoghchán ann ina dhiaidh sin.
  • Tar éis vótála i nDáil Éireann, déanann an tUachtarán an Taoiseach agus comhaltaí eile den Rialtas a cheapadh.
  • Déanann an tUachtarán gach píosa reachtaíochta a ritheann Dáil Éireann agus Seanad Éireann a shíniú ina ndlíthe.

Má chreideann an tUachtarán go bhféadfadh sé go bhfuil dlí ar neamhréir leis an mbundlí atá leagtha amach sa Bhunreacht, ansin féadfaidh sé nó sí diúltú an dlí a shíniú agus iarrfaidh sé ar an gCúirt Uachtarach cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an dlí bunreachtúil.

Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt is tábhachtaí dá bhfuil ann in Éirinn. Athbhreithníonn sí saincheisteanna áirithe chun a chinntiú go bhfuil siad de réir an Bhunreachta.

Sula ndéantar an cinneadh chun dlí a chur lena athbhreithniú ag an gCúirt Uachtarach, lorgóidh an tUachtarán comhairle ó chomhlacht ar a dtugtar an Chomhairle Stáit. Tá an Chomhairle Stáit comhdhéanta de phearsana sinsearacha de chuid an réimse bhreithiúnaigh agus an réimse polaitíochta, amhail Uachtarán na hArd-Chúirte, an tArd-Aighne, iar-Uachtaráin agus iar-Thaoisigh agus seachtar daoine a n-ainmníonn an tUachtarán iad.

Gníomhaíocht

Faigh amach cé hé, nó cé hí, an tUachtarán faoi láthair trí dhul chuig www.president.ie

Freagair na ceisteanna seo a leanas:
1) Cén uair a toghadh mar Uachtarán den chéad uair é/í?
2) Aimsigh cúig fhíoras thábhachtacha faoin Uachtarán.
3) Ainmnigh comhaltaí na Comhairle Stáit reatha.
4) Cérbh é an chéad Uachtarán ar Éirinn?
5) Bhí beirt bhan darbh ainm Máire ina nUachtarán ar Éirinn. Cé hiad?

Acmhainní don Mhúinteoir agus don Mhac Léinn

Athscríbhinn Video

Tá obair na parlaiminte an-leathan ar fad agus bíonn an obair sin an-mhion uaireanta. Bíonn ar na comhaltaí déileáil le hualach oibre atá ag méadú de shíor. Tugann córas na gcoistí deiseanna breise dóibh páirt a ghlacadh in obair na parlaiminte.

Seo ceann amháin de na ceithre Sheomra Coiste atá ann i dTeach Laighean. Foirmítear coistí chun a chinntiú gur féidir le Dáil Éireann agus Seanad Éireann athbhreithniú a dhéanamh ar obair an Rialtais, na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí.

Scrúdaíonn gach ceann ar leith de na coistí seo réimse sonrach de ghnó an Rialtais, mar shampla, Cúrsaí Iompair nó Gnóthaí Eachtracha. Tríd is tríd, déileálann na coistí le nithe a bhaineann le hobair Ranna Rialtais. Déanann coistí mionscrúdú ar reachtaíocht atá á rith, déanann siad faireachán ar chaiteachas an Rialtais agus is minic a thugann siad cuireadh d’eagraíochtaí ar spéis leo ábhar áirithe chun cabhrú leo ina gcuid oibre.

Chomh maith leis sin, is iad na coistí an t-aon fhóram amháin ina ndéanann Comhaltaí na Parlaiminte idirghníomhú leis an bpobal. Ceadaítear d’iriseoirí agus do dhaoine den phobal freastal ar chruinnithe poiblí agus is féidir leat breathnú ar na himeachtaí ar líne.

Nasc PDF a athscríbhinn físeán anseo

Ceacht PDF