An tSlí ina nOibríonn Tithe an Oireachtais

An tSlí ina nOibríonn Tithe an Oireachtais

An Toradh Foghlama

Sa cheacht seo, foghlaimeoidh tú faoin tslí a bhfeidhmíonn Tithe an Oireachtais.

Tuilleadh Faisnéise faoi Dháil Éireann

Is é Dáil Éireann an príomhchomhlacht reachtach. Tugtar TD-anna ar chomhaltaí Dháil Éireann.
Faoi láthair, 158 TD atá tofa ag an bpobal chun ionadaíocht a dhéanamh orthu i nDáil Éireann.

Toghtar TD-anna i ndáilcheantair ar limistéir gheografacha iad. I láthair na huaire, tá 40 dháilcheantar ann. Déanann comhlacht neamhspleách ar a dtugtar an Coimisiún um Thoghlaigh (www.constituency-commission.ie) cruth agus méid na ndáilcheantar a chinneadh.

Maidir leis an gcuid is mó TD-anna a thoghtar, is baill de pháirtithe polaitíochta iad. Is iad seo a leanas na páirtithe polaitíochta a bhfuil TD-anna acu i nDáil Éireann faoi láthair:

  • Fine Gael
  • Fianna Fáil
  • Páirtí an Lucht Oibre
  • Sinn Féin
  • An Páirtí Sóisialta
  • An Comhaontas Pobal seachas Brabús
  • An Comhaontas Frithdhéine
  • Comhaontas Aontaithe an Chlé
  • Gluaiseacht na Neamhspleách ar son Comhionannais
  • An Comhaontas Glas

Tugtar Neamhspleáigh ar TD-anna nach baill de pháirtithe polaitíochta iad. Déantar duine amháin den 158 TD a thoghadh chun bheith i gceannas ar imeachtaí Dháil Éireann. Tugtar an Ceann Comhairle ar an duine sin. Cinntíonn an Ceann Comhairle go ndéantar de réir na rialacha i gcomhair díospóireachta i nDáil Éireann. Feidhmíonn an Ceann Comhairle ar mhodh neamhchlaonta agus ní thugann tosaíocht do pháirtí polaitíochta amháin thar aon cheann eile. Déantar an Ceann Comhairle a thoghadh go huathoibríoch don chéad Dáil eile agus ní gá dul san iomaidh san olltoghchán.

Tá feidhmeanna tábhachtacha ag Dáil Éireann:

  • Cinntíonn sí go bhfuil an Rialtas cuntasach
  • Is féidir le TD-anna ceisteanna a chur ar an Rialtas
  • Déantar díospóireacht inti faoi shaincheisteanna tábhachtacha
  • Ceadaíonn sí caitheamh airgid phoiblí
  • Déanann sí staidéar agus díospóireacht faoi dhlíthe nua agus ceadaíonn sí dlíthe nua

Gníomhaíocht 1

1) Cá mhéad TD-anna Neamhspleácha atá ann i nDáil Éireann?
2) Faigh amach ag http://www.oireachtas.ie/parliament/tdssenators/officeholders/ceanncomhairleswebsite/ cé hé/hí an Ceann Comhairle reatha
3) Cé hé/hí Cathaoirleach Sheanad Éireann? http://cathaoirleach.oireachtas.ie/

An Taoiseach agus An Rialtas

Tar éis olltoghcháin, toghann Dáil Éireann Taoiseach. Ina dhiaidh sin, ceapann an Taoiseach an Rialtas. Tugtar Airí ar na Comhaltaí den Rialtas agus bíonn gach Aire ar leith i gceannas ar roinn Rialtais amhail an Roinn Airgeadais nó an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá 15 Aire ann faoi láthair, agus an Taoiseach san áireamh. Sin an líon uasta a cheadaítear leis an mBunreacht. Is minic a thugtar ‘an Chomh-Aireacht’ ar an Taoiseach agus ar na hAirí Rialtais le chéile.

Is é an Taoiseach ceann an Rialtais agus ainmníonn sé na comhaltaí eile den Rialtas agus bíonn an Taoiseach i gceannas ar an tslí ina ndéanann an Rialtas a ghnó. Go tráthrialta, freagraíonn an Taoiseach ceisteanna i nDáil Éireann i ndáil le saincheisteanna tábhachtacha reatha agus i ndáil le bainistiú a roinne.

Go hiondúil, bíonn gach Aire ar leith i gceannas ar Roinn. Sa Dáil reatha, tá 15 Aire Rialtais ann ach tá 16 Roinn ann.

Seo a leanas na Ranna atá ann faoi láthair:
Roinn an Taoisigh
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
An Roinn Cosanta
An Roinn Oideachais agus Scileanna
An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
An Roinn Airgeadais
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
An Roinn Sláinte
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
An Roinn Coimirce Sóisialaí
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

Gníomhaíocht 2

Chun a fháil amach cé hiad An Taoiseach, An Tánaiste agus na hAirí éagsúla, teigh chuig http://www.taoiseach.ie/eng/Taoiseach_and_Government/List_of_Ministers_Ministers_of_State/ I ngach roinn ar leith, déanann státseirbhísigh an obair ó lá go lá a mhéid a bhaineann le beartas an Rialtais a chur i bhfeidhm.

Acmhainní don Mhúinteoir agus don Mhac Léinn

Athscríbhinn Video

Is daonlathas parlaiminteach é Éire. Tá an Pharlaimint Náisiúnta (an tOireachtas) comhdhéanta den Uachtarán agus dhá Theach: Dáil Éireann (an Teach Ionadóirí) agus Seanad Éireann (an Seanad), agus tagann a gcuid feidhmeanna agus cumhachtaí ó Bhunreacht na hÉireann a d’achtaigh an Pobal ar an 1 Iúil 1937.

Tá Tithe an Oireachtais suite i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath. 

Cumhachtaíonn an Bunreacht do gach Teach ar leith a chuid Buan-Orduithe (Rialacha) féin a dhéanamh agus tá an chumhacht acu pionóis a ghearradh má sháraítear na Buan-Orduithe sin. Is don Oireachtas amháin a thugtar an t-aon chumhacht chun dlíthe a dhéanamh, ach sin faoi réir na n-oibleagáidí a ghabhann le ballraíocht san Aontas Eorpach mar atá leagtha amach sa Bhunreacht. Tugtar aitheantas do phríomhcheannas Dháil Éireann, i dtaca le ré na Parlaiminte de, sa mhéid nach mór olltoghchán do Sheanad Éireann a bheith ann tráth nach déanaí 90 lá tar éis lánscor na Dála.

Maidir le nithe a bhaineann le reachtaíocht, foráiltear leis an mBunreacht nach féidir le Seanad Éireann rith reachtaíochta a mhoilliú ar feadh tréimhse éiginnte. I nDáil Éireann amháin is féidir Billí chun an Bunreacht a leasú agus Billí Airgid, i.e. reachtaíocht airgeadais, a thionscnamh.
Is féidir le Seanad Éireann moltaí a dhéanamh (ach ní féidir leis leasú a dhéanamh) ar Bhillí Airgid agus ní mór moltaí den sórt sin a dhéanamh laistigh de 21 lá i gcomparáid le 90 lá i gcás Billí nach Billí Airgid iad.

De bhreis ar a ról reachtach, féadfaidh gach Teach ar leith beartas agus riarachán Rialtais a scrúdú agus a cháineadh. Ach is é Dáil Éireann an Teach ina bhfoirmítear an Rialtas (an Feidhmeannas) agus a bhfuil an Rialtas freagrach dó.

I gcás nach gcoimeádann an Rialtas tacaíocht thromlach Chomhaltaí Dháil Éireann, d’fhéadfadh sé, mar thoradh air sin, go lánscoirfí an Dáil agus go mbeadh Olltoghchán ann nó d’fhéadfadh sé go bhfoirmeofaí Rialtas nua i gcomharbacht ar an sean-Rialtas.

Soláthraíonn an Bunreacht creat ar dá réir a dhéantar rialú orainn. Sainíonn sé ról an Uachtaráin, ról Dháil Éireann agus ról Sheanad Éireann. Ina theannta sin, bunaíonn sé an bealach ina n-oibríonn ár gcuid cúirteanna agus ina n-oibríonn údaráis áitiúla.

Nasc PDF a athscríbhinn físeán anseo

Ceacht PDF